Bhí me i Londain an deireadh seachtaine seo caite mar gheall ar an Gaeltacht cois Tamaise. Cúpla lá iontach ba ea iad! Bhí na ranganna ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, ceithre huaire an chloig gach lá, i gColáiste na Rí. Bhí ceithre leibhéal ann—tosathóiri, meanleibhéal-iseal, meanleibhéal-ard, agus an ardleibhéal. Bhí gach rang lán le foghlaimeoirí. Roghnaigh mé an rang meanleibhéal-ard agus bhí an leibhéal foirfe. D’fhreastail Jessica ar an rang tosathóirí agus dúirt sí go raibh a mhúinteor iontach deas freisin. Bhraith sé aisteach a bheith ag labhairt Gaeilge i lár na phriomhcathair Shasana, ach bhain mé go leor sult as! Roimh na ranganna, bhí imeachta ar siúl ar an Embasáid na hÉireann ar an tráthnóna Dé hAoine; taifeadadh beo ar an bpodchraoladh How To Gael le Louis Cantillon agus Doireann ní Ghlacáin. Éistim leis an podchraoladh, mar sin thapaigh mé an deis iad a fheiceáll beo. Mná cliste agus greanmhar is ea iad! Bhí imeachta eile ar siúl ar an tráthnóna De Sathairn ach…
No comments yet. Log in to reply on the Fediverse. Comments will appear here.